Corpus of Electronic Texts Edition
The Gaelic Maundeville (Author: John Maundeville)

paragraph 253

Ocus inuair do tígdís techta cuige a tírthibh ele do beredh leis annsa parthus sin íad, & do taisbenadh doibh é itir ceolaibh & topraibh & doberedh deoch doibh. Do curedh ar meisge íad go luath & aderedh ríu da madh ail leo bas do fulang ara son sin go tibredh sin a n-anmanna annsa parthus sin, & co m-betís fa áis na maighden sin co brach, arís ag eistecht in ceoil sin, & go rucdís inuair bad áil leó fen mara facfadís a n-glóir fen & in cuid do faemadh sin do cuiredh da marbad dochum in tigerna no cum in duine fa h-ail leis don tír, & aderiudh rís gan ecla do beith orra o bu deimin leó in anmanna do techt farisin annsa parthus sin arís, & do marbhthai móran do tigernaibh in tíre lesin ceilg sin.