Corpus of Electronic Texts Edition
The Gaelic Maundeville (Author: John Maundeville)

paragraph 248

Anuair thét an t-imperi so Preter Seon dochum chatha bíd tri crossa óir reimhe lán do clochaib búadha & do níamhannaibh, {folio 69b2} & míle fer armach ac coimét cach croissi díb & níssa mó na cét míle coissidhi ele archena, & ní h-eider áirem da t-slúag ó sin amach. Ocus anuair bís ac sibul co h-uáingech ina thír féin ní bí acht cros crainn can pindtel, can ór, can cloich úasail roime a comurtha curab ina lethét sin do crois fuair a tigerna bás, & bíd soithech óir lán do críaidh reime mar comurtha curab cré dogéna de fein fa deredh, & bidh soithech ele óir lán do clochaib búadha reime a comurta a neirt & a imperechta.