Corpus of Electronic Texts Edition
The Gaelic Maundeville (Author: John Maundeville)

paragraph 240

Dobádhusa féin lá ic sibul an mhara sin na h-Indía & do connarc coill mór fa dhuillib uáim ar farrgi, & do fhíarfuighissa crett tuc coill ann sin, & can talmain fúithe. Is amhlaid do innisetur foirenn na luingi dam, curab coblach mór tháinicc uair écin ann sin, ina rabadur tarrngedha íaraind ina longaib, & cur tarnngetur na clocha adhamuis dobi sa fharrgi chuca a n-ichtar íad, & curab tortha ecin dobí indtu asar' fás an choill sin.