Corpus of Electronic Texts Edition
The Gaelic Maundeville (Author: John Maundeville)

paragraph 238

{folio 69a2}Ata laimh risan righdhacht so an tír darab ainm Bacarie, & fássaidh olann ara crannaib da n-déntur étaighidh romhaithe. Ocus is imdha bethadhaigh darab ainm ypotans isin tír si: bídh leth cach bethadhaigh díb ina dhuine & an leth ele ana ech, & bíd tamall a tír & tamall a n-uiscci. Ní caithid bíadh acht daeine anuair is eider léo a faghbail. Atatt griba isin tír sin beres duine cona ech & coigir dhamh cona cuing léo dochum a ned ina crobhaibh, & bíd ingne fada géra orra, & is mo ana adharc dhaim cach inga díb, & bíd istir sin dochum dhighi d'ól eistib amail bídd cuirnn acainne, & bíd boghadha acu dia n-esnach mar an cétna.