Corpus of Electronic Texts Edition
The Gaelic Maundeville (Author: John Maundeville)

paragraph 237

Is issin tír sin do len Alaxander na .x. cinedhaibh Idhalochaib da n-gairther Gógc & Mogógc dochum cnoc romór atá indti, & ó nár fhét slige do réidhiugud iter na cnocaib da shlúag do guidh sé Día fá na cnocaib féin d'íadhadh a timchill na n-Idhal. Do éist Día guidhi Alaxandir & do íadhadur na cnuic a timcill na n-Idhal co fuilit ann ó shin can t-sligid ac duine úatha na chuca. Ocus aderar isin tír sin anúair ticfus Annticrist


p.284

co n-dingnet na h-Idhail sin mórán uilc dona Cristaigib, & is trit sin congmaid Idhail an talman sin an berla Eabhra acu dognáth; & aderait a coitchinne corab amhlaid so thicfuid asna cnocaib sin, co n-dingne sinnach fúachais ansa sligid do thaircc Alaxander do réidhiugud nó co n-dechaid amescc na cinedhdach sin iter na cnocuib, & mur do chíd sin an bethadach nách facadur ríamh roime ina a innshamail benaid hé dochum a fúachaisi, & tochlaid hí ina díaidh nóco roichid an obair dorindi Alaxander, & is marsin ticfuid asna cnocaib, & aderuit co m-bet Cristaighi fa Idhalaib an uair sin mur attatt Idhail fútha san aníu.