Corpus of Electronic Texts Edition
The Gaelic Maundeville (Author: John Maundeville)

paragraph 225

Ocus ticc an tír sin co Priúiss & co Ruisé & trit an talam so gabus Eitil .i. an abhann is mó do beccaib ar talmain, & bídh an oiret sin do leic oigre uirre innus co m-bíd cách ac cathachad uirre ní sa mó ina cét míle itir cois & ech. Ocus is gar don abhaind sin muir Oxian da n-gairid fein Maure, & muir Chaisp, & is lethan an muir sin assin co tír Íuda, & ara son sin dorindi Alaxander cathuir re n-abur Alaxandrie innus nach rachad aenduine tar an muir sin can chett, & gairther Portefar aniu don cathair sin, & is í cathair is mó 'sa tírsi Sarásíe, & is slige sin do dul a tír Iuda, & ní gabturacht a-ngheimhrid, & Berbent is ainm don imluchtadh sin.