Corpus of Electronic Texts Edition
The Gaelic Maundeville (Author: John Maundeville)

paragraph 212

Do shiblaig Maghnus Cánus la día roibi ac sibul a comfhogcus uirdd crabuid, & tainicc prelaitt an uird ina choinne, & tucc uscci coiserctha lais, & croither ar Maghnus Cánus é, & da m-bia cros aicci léigcidh an rí a gluine fói á fíadnaisi na croisi, & benuidh a chumdach día cenn, & anuair do cí sé in lucht crabuid sin chuicci adeir sé risna tigernaduib & risan lucht anóra bís ina fhochuir an t-sligid do léiginn doib chuicci, & cidh bé toradh bís acan chomthinolsa doberid numir a h-aen .x. don torad so chuicci sin a soithech airgit, & doberaid in óiret cétna da mnái dá mac mar anóir.