Corpus of Electronic Texts Edition
The Gaelic Maundeville (Author: John Maundeville)

paragraph 210

Marcuighecht Maghnuis Canuis andso sís. Inuair gluaisis Maghnus Canus ó tír da thírthib a tir oile leigcidh sluagh da slúagaib uidhi láei roime {folio 67b2} & slúag dá cach leth de, & slúag 'na díaidh, & téitt fein a carpat dogníther don crann re n-abur lingnum alóes tigc ar sruth do srothaib Pardhais annsa tír sin, & cláir óir don taeb amuich lán do clochaib búadha, & cethri h-eilifinti & cethri sdéta fán carpat ica imurchur & cuicer séser tigernad ar sdétaib a timchill an carpuitt da cach leth innus nách roiched duine ar doman a n-gar don charpat acht an duine do iarfad in rí, & is mar an cétna t-siblaigis oigri an impire, & dobudh ingnad lé duine a innisin a m-bí do daeinib isin tír sin.