Corpus of Electronic Texts Edition
The Gaelic Maundeville (Author: John Maundeville)

paragraph 200

Tanicc an ridiri cétna chuigci arís isan oidhchi, & atbert ris: ‘Uch!’ ar sé, ‘gab ó shlíab Belial sair mórán neirt, & issí sin toil Dé, & muna fhetair dul idir an slíab & fairrgci cuir do gluine futt .ix. n-uaire & déne urnuighti co Dia na n-uile chumacht & t' agaid sair, & dobéra sligid {folio 67a2} dhuitt.’ Dorinne Cán sin, & dochóidh an fhairgi .ix. troighti o imel an t-sleibi amach cur leig sligid do Chán idir an slíab & í fein, co n-dechaid Cán cona shlúag tairsi, & cur gabh sé Cátaighi, & issí sin righdhacht is mó sa doman. Arson na .ix. sléchtana so & na náei troighthi dochúaidh an fairgci amach atá nuimir a náei fa anáir móir ac Maghnus Cánus & aca thír o sin.