Corpus of Electronic Texts Edition
The Gaelic Maundeville (Author: John Maundeville)

paragraph 198

Tancadur san arabárach & dorindetur imperi de sin orra fein, & tucadur cach anóir do fhétadur dó, & tucadur Cané dh'ainm air mur adubairt an rideri friu roime. Ar n-denam impire dhe doroine statúide & dligeda núa darab ainm Íssacan, & issé cétna ní adeir sin anóir do thabairt do Día uilecumachtach do shaer iad o dáeire namat & comadh é do ghoirfidís día cabuir ó cach decair do imeochad orra. Andara statúid .i. cach uile duine do fétfadh arm do imchur arm do beith aigci, & in dechmad fer díb maigisder do dhénam de, & an fichetmud fer do beith ana maighister & an cétmad fer ana mhaighister, & an milmad mur in cétna.