Corpus of Electronic Texts Edition
The Gaelic Maundeville (Author: John Maundeville)

paragraph 197

An Maghnus Cánus so do síl Chaim meic Naei é, & is í a chuidd don doman an Assía uile. Sem cona clainn do ghabh


p.266

an Affraic, Iafeth an Eóruip, & is é Cámh dobudh t-saidhbri & dobud laidiri don triur so, & is gerr ó sin ale o dobadur .uii. cinedh do t-slicht Chaim darb ainm Tarcare, andara cinedh Tangéid, an tres cinedh Grasé, an cethrumadh cinedh Uálare, an .u. cinedh Seme, an .ui. cinedh Mense, an .uii. cinedh Sobé. Atat so uile umal do Maghnus Canus. Tarrla senduine do Tarcaré doconnairc & é ina lebaid oidhchi écin rideri glégel chuicci ar ech. ‘An fuili at chodlud?’, ar an rideri, ‘oir is é Día cumachtach do cuir misi chuccat dia rad friutt na .uii. cinedha so atá acatt f'anumhla & fa asanoir impere & righti ele gusaniu19 {folio 67a1}20 indis dóib corb' áil let beith at imperi orra, & mar dobádur cusaniu fa daeire & fa esanóir imperedh & righthidh, co m-betdís an muindter cétna fad daeirsi-si & fat esanoir’; & is fanamat dorinnetur cach uime sin trit sin do rádh fríu, mar budh amadán é. Do shiblaig an rideri cétna sin ar na cinedhuib sin, & adubairt friu Sangbus do gabáil & co cuirfedh sé a n-daeirsi díb & co n-gebad morán do thírthaib ele anacend.