Corpus of Electronic Texts Edition
The Gaelic Maundeville (Author: John Maundeville)

paragraph 192

Ocus an t-inadh a suidhenn an t-imperi sin dochum a choda annsa halla, & is ard é os cind cáich, & an bord ara caithenn a chuid is lommnán do clochaib búadha & do níamhannuib é, & do ceimennuib óir lán do clochaib buadha mar do siblaig sé dochum an buird sin. Atá inadh suidhi ica mnáei ara leth clé, troigh is ísle ina é féin, & indara ben mnáib troigh don táeb tís de sin, & iesper co folach óir & co clochaib úaisle imda eli isin inad suidhi don días ban sin, & an tres ben da mnáib troigh don táeb thís de sin, óir ní bí sé choidhchi can triur ban aicci, & suidhid bantigernadha an tighi ó sin amach co cenn an buird doréir a n-úaisle & a n-indme fein, & cach ben fir posta bís ann bíd comarta coisi ar úachtar cumhdaigh a cinn da indisin co fuil sí umal da fer fein, & ór uili, lán do clochaib búadha, an bord ara caithid sin bíadh & an t-adhbur imperi


p.264

bís inadíaidh da clainn do leth des troigh ní is ísle ina é féin, & tigernuidhidh a chinidh doréir a n-uáisle & a n-indme féin assin co cenn in buird, & ór lán do clochaib buada an bord ara caithid a cuid.