Atá oilen Dodém risan oilen sin, & inúair gabus eslainti duine ann tét a mac da m-bía mac aicci nó a cara muna bía, dochum an t-sacairt, & tecaitt araen a fíadnaisi a n-día fhallsa & fíarfuiget de an ereocha an duine. Da n-abra san co n-éreocha bethther co maith ris, & da n-abra nach n-éireocha rachait an mac & an sacart dochum an eslain & curfid a lamha ara bél & ara sróin nó co múchait é, & doníter scenuide becca da féoil & doberar cuiredh ara cardib, & roindter an féoil sin orra mar fésta, & is mur sin doní an mac risan athuir & an t-athuir risan mac, & an ben réna fer, & in fer risan mnái.