Corpus of Electronic Texts Edition
The Gaelic Maundeville (Author: John Maundeville)

paragraph 154

Ata uidhi da lá .x. & da fichit assin co rígdacht Lamár. Ní bí étach um mnái na im fer isin tír sin, & doníatt fonamhat fón duine ima faicett étdach, & aderitt curab lomnacht dorinne Diá Adhamh & Éua & curab mur sin is cóir da cach áen beith ó sin ile. Ní eitighitt a mná fir ar doman, & aderit corab marsin adubairt Día fríu sílad & imdugud, & an talam do línadh, & ní h-éter lé fer ar doman a rádh ann sin mo ben fein na lé mnái m'fer féin, & anúair beres ben {folio 64b1} díb lenab dobir don fhir is áil lé fein é, & is comchoitchenn dóib cach uile ní bís acu, itir talam & ór & airget & mnái & fhir, & berar daeine a tírthaib ele da reic ríu, & in cuitt bís remur díb ithid can fuirech íatt, & an cuitt bís truagh remhraigitt íatt & ithitt iarsin.