Corpus of Electronic Texts Edition
The Gaelic Maundeville (Author: John Maundeville)

paragraph 148

Atá damh ac ríg an tíri sin, & bí duine dognáth aca choimét, & soithech óir aicci, & a n-dein an dam d'áoilech & d' fúal beiridh leis isin soithech óir sin dochum na preláidi é, & beridh an prelaid lais dochum an ríg é. Cuiridh in rí a lamh ann & coimlid de fein mur uinnemint na nethe naemtha sin, & ticcitt ina dhíaidh sin na tigernuidhi doreir a ceimenn, & in popul uile & doníad mar an cétna.