Corpus of Electronic Texts Edition
The Gaelic Maundeville (Author: John Maundeville)

paragraph 137

Tíagur asan tír sin annsa n-Inndia móir atá arna roinn a tri, & is adhbhal tes an tíre sin, {folio 63ab} & an Indía bec atá can imforcraidh tesa na fúachta, & ind Innía is sía uainn díb atá sí rofhuar, & atá do mét a seca & a h-oigre co n-déin cristal da h-uisci & co fásann diamont co lór innti, & atá do láidirecht an díamoint fhásus innti nach fuil ar doman ní úrchóidighes dó acht fuil bocain.