Corpus of Electronic Texts Edition
The Gaelic Maundeville (Author: John Maundeville)

paragraph 136

Don taeb ele do Calldea .i. ar an taeb teas, atá an Ethóip, & is mór in tír sin, & daeine círduba aitrebus indti, & ata ara taeb tes di tobur nach etir le duine ar doman d' ol lea fhuaire a ló & lena thes a n-oidhchi, & bid aibhne an tíre sin uile ana n-usci búaidhertha, & blas saile ara t-oibrechad. Ocus is mescamail iatt uile, & is becc do bíadh chaithit, & atat daeine innti so ac nach bí acht aenchos mhór & is gabaid lúas na muiudteri sin, & anuáir doníatt comhnaidhi tóghbait a m-boind eturra & in grian co n-ditnetar aran tes íatt. Ocus is annsa tír sin atá Sadó .i. an cathur asa tainicc an tres rí le h-offrail dochum ar Tigerna le treoir na réltainne.