Corpus of Electronic Texts Edition
The Gaelic Maundeville (Author: John Maundeville)
paragraph 131
Ata caislen tamall fada on cathair sin a n-Armen bicc, & dealb seabaic ar persi and, & delb banntigerna ara comair aga coimét, & cid be duine do anfad gan collad isin caislen fasaigh sin tri lá & tri h-oidchi ac fetheamh an da dealb sin doticfad an banntigerna sin cuige & doberadh a roga athcuinge dó. Dobí rí uaibrech beodha ara tir sin fecht n-aill, & dorinne se in fhaire sin gin codlad tri lá & tri h-oidhche. A cinn in treas oidhche do conairc-se ben is caime do conairc do mnaibh in domhain, & adubairt ris cidh be ní bus ail duit d' fhaghbail fogébur é. Ata ór & airget agum, ar se, & tigernus maith, & sidh cartanach, & mo nert ar gach n-aen, {folio 62b2} & issi athchuingi dob áil lemm d' fághbail, tusa do mnáoi. Ni h-éter sin, ar sí, óir spiratt
p.238
misi, & ní fuil corp talmaide umamm, & ní h-éter lé fer beith acam. Cidhedh dober dhuitsi an maithes mór & an tigernus & an tren & an sídh sin atá acatt fein do congmáil duit & dot oighredhaib co cenn an nómad glún úaitt fein, & cidh bé ar doman maithes saegulta iarfir na cenn sin. Do dhíult sin sin do ghabáil. Ó nách gabair, ar an banntigerna, dobersa a contrada duit & d' fher th'inaidh atdíaidh co bráth beith fó umhla ríg ele co bráth, & ríachtanus a less gnáith & cocad síruidhi. Do imthigh sí úaidh daeisi sin, & atá anní adubairt ica comull. Tarrla do mac duine do immfaire tri lá & tri n-oidhchi do denum isin chaislen cétna sin. Táinicc an bantigerna chuici & adubairt ris a athchuingi do íarraid uirri. Saidhbres an t-saeguil do báil lem d' fhaghbail, ar sé. Do gebur si sin, ar sí, & innis uaimsi cidh bé choidéolus aenlocad andso choidchi nách cuirfed sé a bonn aran saegul ó sin suás.