Corpus of Electronic Texts Edition
The Gaelic Maundeville (Author: John Maundeville)

paragraph 123

Atbér frib, ar Moinmíl, mar adubairt in sabhdán frim aidhchi 'na sheomra ar cur cáich amach. ‘Cinnus doníter seruís do Día in bur tírsi?’ Adubartsa co n-déntur co maith. ‘Ní fír sin’, ar sobhdán, ‘óir is olc an anoir dobeiritt an prelaidhi da tigerna, & is olc an eisimpláir dobeiritt don popul’, & do fhíarfaigesa cindus donítt sin, cindus fuair sin in fis sin. ‘Donítt,’ ar sé, ‘is iatt cétmuinnter tét isna táibernib íat, & ní furáil leo beith ac ól & ic caithem feth an láei & na h-áidchi mur dobetais bethadaigh éccíallaidi nach fider crett é Día, & da n-derndáis an


p.232

cóir íssi eisimplair Crist on ainmnighter íatt do lenfadís ar míne & ar buaine, ar deirc & ar trocaire, & atait na Cristaidhi a comshanntach sin co recaitt a clainn ar beccán fíach & a mná re feraib ele, & bíd mná fer acu tarcenn a m-ban féin, {folio 62a1} & na minna & an gella doberitt ní coimlit é, & is mursin tharcaisnigit & diultaitt an dliged tuc Crist dóib da slánugud, & is arashon sin do léigcebur ar tigernus & ar talam dúinne, ó nach raibi Crist aca chosnam inar n-agaid, & ní h-edh amáin acht do tidhlaicc duinne é arson bar pecaidh, & is deimin nach ar ar nert féin fúaramur é & atá a fis acaind co maith inar lebraib féin cidh bé trath dogéntaidhisi seruís do Diá co maith & comuillfide a recht co n-gébthaidhi in talam so arís. Cidhedh an feth anfuidhi an bar pecthaib fein ní fuil ecla acainne romaib & atá a fhis acainn co maith co n-impódha sibsi óna pecthaib trath ecin, & nách gébtur frib an inad da cuirfidhi bur n-agaid, & co m-bía an talam so uile acuib óir bíaidh bur Crist féin inar farrad cach uáir dogéntáidi seruís co maith dó.’