Corpus of Electronic Texts Edition
The Gaelic Maundeville (Author: John Maundeville)

paragraph 95

Sruth Orrthannain a slíab Libáin ticc sé ón dá thobur darab ainm Ieor & Dán, & is imdha íasc an t-srotha sin, & atá sliab Gilbue do thaeb dhe & machaire roálaind & sliab Libán don taeb aile no co roithenn fássach Faráo, & is iatt na cnuic si{folio 59b2}13 roindes iter ríghdhacht Shuiriam & talam an Fína mara fassaid ubhla sétrus is mó na cenn duine. Gabaid an sruth so itir Galalee & Ídome & Botron & tri machaire Meldane ina fuil tempul Ieob & annsa Muir Ruaid.