Corpus of Electronic Texts Edition
The Gaelic Maundeville (Author: John Maundeville)

paragraph 78

Ocus ní hé so an tempul dorinne Solam don Tigerna, óir nír mair sé acht da bliadain & cét & míle anuair tainigc Títus mac Bapassiana an t-imper Romanach, & do cuir foslongport a timchill Ierusalem & do gab hí, & do muir, & do loisgc tempul Solman, & do cuir .xi. cét & mile do Idhalaib docum báis, & do cuir a prisún an chuitt aile díb, & 11 do recad deichnebur ar .xx. dib araen pingind a n-éruic mar do chennchadur sin Mac Dé ar .x. pingindib fichet, & d' furail Iulianus imperi an tempul do denum arís, & arna denum dona h-Idhalaib tainicc talamchumscugud mór ann, & do trascair an tempul arís. Do furail Andriánus imperi Troiánnach tempul Ierusalem do denum annsa cruth a n-derna Solam é, & ní lamhdáis Idhail a tathaige le fogra an imperi, óir dob annsa leis Cristuidhi ina cach cinedh aile cinco roibi fein ana cristuidhi, & is é d' furail artús balla an baile do chur don táob amuich d' eclais an Adhlaici, & is nemchoimsigh an anóir doberitt na Serristtínig don eclais sin, óir mur {folio 58b2} thiccitt tar an dorus asdech benaidd a m-broga díb & sléchtaitt co menic & aderit curab naomhtha an t-inad sin.