Corpus of Electronic Texts Edition
The Gaelic Maundeville (Author: John Maundeville)

paragraph 70

Atá adhlacad an tigerna don táob tes, ocht troighthi a fhatt an tabernacuil & .u. troighti ina lethet, & én troigh .x. ina airdi, & is gerr o dobí an t-adhlacad oslaicti innus co fétfadh cach oen duine dorachad cuicci pócc do thabairt dé, & a ghlacad, & do furáil an sabhdán íadhadh ana timchill arson co m-berdís daeine ní da chlochaib léo innus nach roither chuicci acht d'óen leth docum comadh usaidi a coimét é, & atá fuindeocc ar an tabernacuil, & is imdha lampaidhe ar lassadh do gnáth ina timchill, & an lampa ata a fíadnaisi an adhnuici co dírech báidhidh uáidh féin cach oen aoine & lasaid uáidh féin {folio 58a2} cacha domnaig ind aimsir far' érig Crist ó bas co bethaid, & bídh ar lasadh co h-aeine arís.