Corpus of Electronic Texts Edition
The Gaelic Maundeville (Author: John Maundeville)

paragraph 69

Ar n-gabáil Ierusalem don t-sabdán do furáil sé balla na cathrach do chur do taeb tuaidh don eclais innus co m-beth an t-adhnacul istigh annsa baile mur a roibi reime, & is amlaid atá an eclais atá a timcill an adlaici comcruind & í osluicthi tís ara piléruib, & cenn lúaidhi túas uirre, & atá tor álainn mur clogcás aran táob tíar di, & atá an tabernacul ar lár na h-ecailsi ar cuma leth-compáis arna cumhdach le h-ór & le h-esúir & le dathannaib úaisle aile.