Corpus of Electronic Texts Edition
The Gaelic Maundeville (Author: John Maundeville)

paragraph 68

Dobí in talam sin Ierusalem a lamhaib mórain do cinedhaibh ar doman mar atatt Cannándaigh & Asérí & Persaigh & Medhaigh & Turcaigh & Maisidunaig & Gregaig & Rómanaigh & Frangcaig & Cristaidhi & Seirrisdínig & morán do chinedhachaibh aile, óir nirb' áil le Día in talam sin do leigcen do pecachaib & atá anoiss a lamhaibh no Serrisdinech ré h-aimsir imcein & is étir lé Día a buain díb anúair bus áil leis.