Corpus of Electronic Texts Edition
The Gaelic Maundeville (Author: John Maundeville)

paragraph 61

Cristaidhi uile atá isin chathraig sin, & is imdha fín maith ina timchill cin co h-íbhitt na Serrisdínig fín, óir do báidh Macamétus connle an duine do íbad fín annsa lebur tuc sé dóib


p.40

ar choimét a n-dligid feín darb ainm Acurón & do beir cuitt ele díb Masápair & cuitt aile Harme. Ocus aderaid daeine aile curap díthrebach domarb Macametus & é ar mesci ó fín tuc air an coinnelbáthad sin do denum, & ní ithid Serrisdínig fós an feóil mhuici arson curab cosmail re féol duine hí & dofuagradh isin t-senrecht can muic do ithe & ní h-ithter féoil mairt a n-Eighipt na a crich na Felisdínech acht laeigh díuil nó senba can t-siubal acu.