Corpus of Electronic Texts Edition
The Gaelic Maundeville (Author: John Maundeville)

paragraph 57

Is fatta caol cathair na Bethele & is maith na balladha & na dígca atá 'na timchill, & Éfrata dob ainm di uair ecin. Atá eclais roalainn don táob thair don cathraig sin ara fhuilet mor do thoraib & do chloictighib & do chornélaib {folio 57b1} arna n-denum co láidir daingen, & atatt cethur pileir fichet do mharmair istigh isan eclais sin is áille & is laidiri do connairc ría, & atá faithchi álainn lán do rós cona bláth iter an eclais sin & an


p.38

cathair, & issé is ainm di Gort an blátha. Dobí macaem scíamach mná sa cathraig sin arna damnad docum a loiscthi tria drúis do denum di (mado fis)9, & do cruinniged mórán connaidh 'na timchell & docuiredh tene dácach táob ann. ‘A Dé na n-uile cumacht!’ ar an ingen, ‘ma dochí tú cura brecc docuired oram, sáer mé!’ Maris lúaithe co tairnig le sin do rada do gab an connad & an craeibech talmain & d' fássadur premha & duille & rós dergc ar in cuitt dolas de & prema & duille & rós gel ar in cuitt nar' las, curab é sin cétrós tainicc ar doman, & is mar sin do slánaiged an mhaighden tre mirbuilib Dé.