Corpus of Electronic Texts Edition
The Gaelic Maundeville (Author: John Maundeville)

paragraph 51

Ocus assin co h-Ébron, da n-gairther Glenn na n-dér, arson Adhaim do beith cét bliadan ann ac cáeined Áibéil iarna marrbad do Chaeín tre tnúth & format, & dobí so prímhchathuir na Feili-stínech úair ecin. Accus is a n-gleand Ébron dobí Íassú mac Nuin & Canep cona companachaib anuair thanccadur do brath tire tarrngire ó macaib Israel, & is ann dobí Dáuí 'na ríg .uii. m-bliadna co leith & a tri .x. co leth ar fichit i n-Ieruslem, & is ann atá adhnacal inna n-uasalaithrech .i. Adhamh & Abraham & Iacop cona mnáib .i. Éba & Sarra & Rabéca, & atá eclais anórach laim re h-adlacad na muindteri sin & coimét ger acna Serristinechuib uirre ar ecla co rachad Idhal Cristaidhi indti can chett dairighthi on t-Sabhdán cucu féin, óir is dóigh léosan nach éccora do mhadra dol a n-inadh naemtha inadh Idhal, & issé ainm an inaidh sin asa tengaidh sin Cariotarba, a Gaeidheilcc Adhlacadh na Patrierca, a h-Abra Arbo hé.