Ocus atá uidhi tri lá ó Acón co Gasa cathuir na Feilistinech, & isscíamach an cathuir sin, & is imdha a daeine, & is annsa cathair sin do tharraing Samson na piléir o palás ríg na Feilistínech cor' marb an rí cona rígaib & cona mhuindtir uile ar trascairt an páláis orra. Assin co h-Asccalón & assin co h-Iafe & o Iáfé co h-Ierusalem.