Corpus of Electronic Texts Edition
The Gaelic Maundeville (Author: John Maundeville)

paragraph 44

Cét míle o cathair Ácon conuice an cnoc mor re n-abur Sgalda Troius dremire na Traoi, & atá raiber laimh re cathair Acón & poll graibeil, & da m-berthea a m-beth do graibel ann as anocht ní budh lughaidi amárach é, & doníther an glaine is ferr for talmain de, & ticther a h-inadhaib imciana do mhuir & thír ar cenn an graibeil sin, & bith gaoth mór ann sa chlasaigh sin dognáth cuires an graibél trina chéle, & ni fhuil {folio 56b1} mital ar doman berthur annsa n-inad sin da leghadh nach dénann gloine de, & an gloine doníther don graibel sin innuair cuirther ann arís hí doní graibel di.