Corpus of Electronic Texts Edition
The Gaelic Maundeville (Author: John Maundeville)

paragraph 34

{folio 55b1} Tarrla lá aile macaemh ócc cennuige do faccbáil


p.24

a luingi d'íarraid scél annsan oilén, co tarla an uaim & an caislen. Airet dochóidh a fhatt san úaimh co faca in ingen is caoime doconnairc conuicci sin riam, ac ciradh a cinn, & immforcraidh indmusa & cloch uasal & greididh aile ana timcell. Do dhrúid ria & do bendaigh di, & do impogh si sí a h-aigid air, & do fiarfaig cid dob ail lais. Atbert sin curab isi dob ail leis do beith ina mnái aicci, oir do sháoil sé cur ben do bith aca reic hí co coitchend. Do fhiarfaigh sisi 'nar ridiri hé? Adubairt sin nar'bedh. Adubairt sisi ‘Ní beir at lennán acamsa nocom beir at ridiri. Ocus ca h-inad asa tanccais?’ ar sí, ‘ cía tú féin?’ ‘Cennuighi & duine úasal mé, & om luing tánacc a tír annsan oilensa’, ar sé. ‘Mased’, ar sí, ‘imthig docum do chompánach & dénaid ridiri dítt & tarra chuccamsa amárach co dorus na h-úamhan, & rachatsa chugat ann am draccún, & an rium, & tabuir póicc dom bél, & gabaim oram nách ecail duit mhissi do denam uilc na urchóidi duit, óir is écin dam cid be ridiri dobéra pócc marsin dam a beith ana fir acom, & da tucairsi dogebuir a facais do maith accumsa & mé féin & rígdhacht na n-oilensa uile’, & do indis a scela fein uile dó. Do cheilebuir sin di ann sin, & dochúaidh dochum a luingi, & do innis da compánachaib an scélsa ó tus co deredh. Tánicc arauárach mur do gell ar n-denum ridiri de, & mur doconnairc an draicc a n-dorus na h-uamhan do theich dochum a luingi & do len sisi hé, & arna aithin dhí nách impódhadh uirre do impó féin docum an caislein & do eigh co h-ard & co trúagh, & dochóidh an ridiri d'éc {folio 55b2} ar rochtain a luingi, & ó sin alle nír' lamh aen ridiri a faicsin & ní lémha noco tí an ridiri da fuil an dán an pócc do thabairt & beith ana ríg arna h-oilénuib & issi cona maithes do beith ina mnáei aigci & is marsin do chúala sa é, & ní fhaca féin é.