Corpus of Electronic Texts Edition
The Gaelic Maundeville (Author: John Maundeville)

paragraph 15

Accus bíd a fis accaib in oidhchi do gabad ar Tigerna co ruccad a n-garrda Anna hé, & co tucad asanair gér dó, & cur cuiredh coroin {folio 54a1} imma cenn do spínan ghel a comhcruaidh sin indus cur rith fuil a chind rena agaid & réna guaillib & réna ucht co h-imurcrach, & dorindetar móran fonamhaitt fói, & cid bé beres gegc d' ailbi spíne lais ina laim nó ara mhuin nó 'na tech imbí gecc de ní dénann toirnech na teinntech dígbail dó, & atát mórán do t-subhailchib aile aici na cenn sin, & ní lamh ann drochspirat techt fa tech i m-bí.