Corpus of Electronic Texts Edition
The Gaelic Maundeville (Author: John Maundeville)

paragraph 14

Ata cuitt do choróin Crist a soithech cristail i sepél an ríg a Pairis, & tarrnge do tharrngedhaib a lámh nó a chos & cenn na sleighi do cuiredh ana thaeb, & mórán do taisib ele ann fós arna tabairt do rig Franc ó Ibhalaib, & cé deraid dáoine ecin corab do deilgcnib dobí an coroin spíne ní fír sin, acht is deimin curab do sheimnib fhásas anaici mara hí, & co fuilitt a comger sin co tollfadis mur doghendáis deilgcne, & doconnarcsa fein hí, & do galcus6 co menic an chuitt atá a Pairis don choroin & an chuitt atá ic Constantínnoble, & is do shibhnib cruaidhi gela mur adubramar íat aráon fhássas anaici mara arna rainn do daeinib eturra trath ecin, & an chuitt atá a Pairis doconnarcsa cenn sibne gile di & dobud cosmail re delgc do bris le gluasacht in t-soithig ina fuil sí ga taispenad do tigernaib & do daeinib anóracha tigc dá féchain, & do iarrusa dam féin hí maille re grassaib, & fuarus mur sin hí, & is deimin gur' cenn sibhne í


p.14

mar adubramar, & curab inann hí & in cuit ata ac Constantínnóble.