Corpus of Electronic Texts Edition
The Gaelic Maundeville (Author: John Maundeville)

paragraph 10

Iss é adhbur fa n-dernatar na h-Idail croch Crist do cethri crannuib, oir do bu dóigh léo co léiccfide dó corp in Tigerna sa croich in cein do beth sé a lenmain da chéile, & is arashon sin dorindetur an cuid dobí i talmain don croich do crann cedrais arson nach crinann sé a n-uiscci na a talmain, & an cuitt dobí


p.10

as sin suas co cenn Crist rer'sínedh a cholann dobí sé do crann sepresus arson febhais a bhalaid indus nach dingnedh corp Crist dá logad sé innti, mur budh dóigh léosan, urchoid dona dáoinib do ticfad a n-gar dó arson olcuis a balaid. An crann dobí tarsna na croichi rer'sínedh a lama inar' cuiredh na tairrngeda dobí sé do pailm arson mar dobí sa th-sentimna cidh bé doberadh búaidh catha ona naimdib coroin pailme do chur ima chenn. Do bu doigh léo sin cu ra bíad fein rucc buaidh ó Christ trena chur dochum báis, & ní mar sin dobí, acht eisen ruc an búaid ó Ídhalaib & ó díablaib & do aircc ifrinn. & an chuitt do bí óna cenn {folio 53b1} súas inar' scribad na tiduil do crann ola arson curab comartha sidhchánaé, mar indisis an stair in trath do léicc Nói an colum asan airc cona craeb ola thucc sé aris mur chomartha sídchána itir Día & na dáeini, & is mar sin budh dóigh leosan co m-beth sid acu fein deis meic Dé do chur do cum báis, & adúbradur curab de thainicc cach eissídhchain dobí acu an cein dobí 'na beathaidh.