Ocus is annsan eclais atá an spoingcía do cuiredh docum Crist {folio 53a2} lé digh an trath dobí sa croich. Ocus bídh a fis accaib curab do ceithri crannaib dorónad croch ar Tigerna mur adeir an fersa so
In cruci sitt palma cedrus cepersus oliua.
.i. an crann dobí na sesam de ó thalmain conuicci a cendn dobí sé do cepresus, & an crand dobí tarsna re reighedh a lama dobí sé do pailm, & an cep dobí i talmain inar' saidhedh an croch dobí sé do cedrus, & an clar dobí ona chenn súas, ina roibi troigh coleth arfatt, inar' scribad na tiduil, dobí sé do crann ola a h-Eabra & a Greigcc & a Laidin.