Corpus of Electronic Texts Edition
The Gaelic Maundeville (Author: John Maundeville)

paragraph 8

Tiagur assin co Bel-grán & assin co Buigris, mura fhaghuitt droichett cloiche tar an raibér re n-abur Stráet Ombarrocc, & assin trit an talmain re n-aburar Pinnseras, & assin co cathair Sdernes


p.8

annsa Greicc, & assin co cathair Apimpane, & assin co cathair Bradinoble & assin co cathair Constanntínóble darb' ainm Basamnsón, & is innti sin is mó bís an t-imper grecgach ina comnaidhi, & is innti atá an eclas is aille sa doman, ic San-Séob, & delb Iustiníanuis impir ina shuidhi ar ech do marmair derg na órud a fiadnaisi na h-ecailsi, & dobí uball ina laim & coroin ima cenn, & do léicc sé an t-uball do thoitim asa laimh, & ised dothuiccetur fellsaim & daine glicca na Greigci as sin in flathamhnus dobí ican imper Greccach, mur atatt Romanaig & Greccaig & in Assía becc & in t-Suiria & tír Iúdá ina fuil Ierusalem & tír na Pers & an Araip & in Eigipt do dul úatha acht an Grecc amain, & do tairccedh co menic in t-uball sin do dochur al-laim na deilbi arís, & nír'fetad, & atá an lamh ele don deilb sin in airdi & a h-agaid siar mar chomurtha grennaighthi ar lucht an uilc.