Corpus of Electronic Texts Edition
The Gaelic Maundeville (Author: John Maundeville)

paragraph 2

Ocus cidh bé lé budh áil dol d' fechain an tíre sin arson cur togh Crist da popul fein h-i mar thír tarrngiri & do thsiblaigh da chosaib naemta fein hí, & co n-dernai móran senmora & tecaiscc da popul innti & cor thogh a máthair & hé fein do breith & do adhlacadh inntí {folio 52b1} & mar adubairt sé curb'é fein rí na n-Idhal arson febus an toraid sin tuc an tír sin dó & arson naemhtachta antí do t-siblaigh h-i & dothogh a páis do faghbail a pongc cert-medhóin an domhain inn Iarusalem, innus comadh ghar dá sgélaib & da creidim rochtain asan inad sin sair & síar, budh deas & budh thúaidh & is ann do chuir sé an Spirat naemh docum a apstal domnach cingcidhisi & do chuir fó chethrib hairdib an domain iatt do t-silad creidim & crabuid do chinedhaib an domain. Ocus cidh bé le budh' áil a fhis do beith aigci in t-slige budh fherr do dul as cach thir co h-Íarusalem & na locc naemtha atát 'na timcill indeosaidh Fíngin mac Diarmata meic Domnaill meic Fínghin meic Díarmata Móir hí Mathgamhna hí.