Rancatar assin co hinis i mboi deiscipul do Crist. Ba hamra an inis dano. Recles & eclais innti. Cansait a pater fri Dia indorus na hecuilsi. Atbert in sruith boei isin eaclais: Facen urnaigthi ar n-oiti Isu, ar se. Cid on, ar in sruith bai isin dorus, ca hait a facaduis esidhe? Is da descipluibh damsa, ar se, & ro-imgabus he cor-ro elodhus uadh for muir, conam-tarla isin indsi sea, & rochaithes ní do lusrudh & do thorad na hinnsi olchena, co tainic aingil do nimh cugum & atbert frim: Ni coir dorighnis, ar se: cideadh bia isin bethaid sin gan écc co bráth . Atusa dano amlaid sin cosaniu , & trit sin nach tic proinn gach nóna cugum.