Corpus of Electronic Texts Edition
The Voyage of the Hui Corra (Author: Unknown)

section 34

Intan, tra, ba mithig leo dul ana curach atconncatar buidin secha, & ba hi buidin boi ann, cliar crosan. Atconncatar na crosain in curuch 'ga cur amach ar in muir. ‘Cuich na daine cuires in curach-so ar an fairrgi?’ ar siat. Adubairt fuirseoir na clere: ‘Aithnim-se iat,’ ar sé. ‘Tri meic Conuill Dircc i Corra Fhinn do Connachtaib .i. na foglaidi & na dibergaigh , ag dula da n-oilrithi & do iarraid an Coimdedh & ar muir & ar morfhairgi. Acht ceana,’ ar in fuirseoir, ‘dar mu brethir, ni mo rancatar a les dul d'iarraid nimhe innusa.’