Corpus of Electronic Texts Edition
Reicne Fothaid Canainne (Author: [unknown])

paragraph 8

    1. A ben, náchamaicille!
      ní friot atá mo menmo:
      atá mo menma colléic
      isind imairiuc oc Féic.
    2. Atá mo corpán crúäch
      i taobh Letrach dá mbrúäch,
      atá mo cenn cen nighe
      eitir fiena for garbhslighe.
    3. Dochta do neoch dáles dáil
      fácbas10 dáil n-éco fri láimh;
      in dál dálto co Clárach
      tuärnect im robánadh.
    4. Rodelbad dún, trúagh ar fecht,
      for Féicc doroirnedh ar lecht,
      imonróiraid, bág ma liúin,
      totim la hóga aniúil.
    5. Ní mé m'aonor im-múr thol
      docóid fordal i ndáil ban,
      ní ar aithbiur cid ditt ágh,
      is duáigh ar ndedhendál.
    6. Do céin doroächt do dáil,
      bái gráin for mo choicne máir,
      ma dofesmais bid amne,
      bá assa ní tairistæ.
    7. Bá ó Fothud 'na h-uthair
      bertis co húair dorochair,
      cidh amne, níth fri fochaidh,
      ní cen folad guin Fothaid.
    8. Nímrumart-sa mamasrad
      fien gormainech goburglas,
      a techt i nhúire adba
      dirsan dond eóchaill amra!
    9. Matis éisium batis bí,
      rofestais a tigernai,
      mainbad tairbad báis dímair,
      lem ní bud fien cen dígail.
    10. Co a tigdáil batar lúaith,
      atcosnatis bidbad búaidh,
      foscantais raind, trom a ngáir,
      cinsit do chlaind ruirech ráin.
    11. Be hé fiallach seng subaid
      gusin aimsir hirrubaidh,
      arusfóet caill duleglass,
      ropo coigne uleamhnas.

    12. p.12

      {folio 134a}
    13. Domhnall derccdige armach,
      ba hé Lug na fian fadbach;
      isind áth, ba dúire daol,
      is leis docer Congal Cáel.11
    14. Na tri Eogain, na tri Flainn,
      batir allata éclainn,
      dorochair cethrur12 cech æ,
      nírbo cuibrenn drochlaige.
    15. Trait donroïg Cú Domna
      oc ascnamh a comanmo,
      faigébthair colaind Flaind Bic
      i telaig inn imairic.
    16. Táthud daith comhul,
      is díograis do Choncobur,
      díograis totim nEogoin Rúaid
      frisin abaind anairthúaidh.
    17. Táthud ochtar13 la suidiu
      airm hi fail a crólighe,
      ciarbo airmeirb lend aithli
      aithforgaib maic Mugairni.
    18. Ní meirb dofich Falbe Flann,
      frisloisc fiena a thétbann,
      leblaing Fercorb, gorm a chlí,
      co rohuicc secht cétguini.
    19. Comrac Mugairnd fri Mugna,
      batar dá chuilén cholma,
      manistísedh fien forbar,
      ropad inir a congal.
    20. Foceird a n-oman cach túaith
      cain dothfasuith Falbe Rúaidh,
      immusapth-atar, gann glé,
      re cách ar ndá deogbaire.
    21. Sæth már fri luga dige,
      bitscaradh fri tromthuile,
      domuiniur domruïs féin
      céini rogalta in féin.
    22. Dá laoch deacc tul fri tul
      bátar frim i n-imarguin,
      ní fil cidh óenfer de sin
      nátt fárcbainn i tinorguin.
    23. Iarsin imcuirsim dá sleig
      meisi is Oilill mac Eogoin,
      cectar náthar díbh atbath,
      amhainsi dá thenn forgabh,
      imaptha dún, ciarbo bóeth,
      ba hé comrac dá ndegláech.
    24. Ná tuinithe aidche úath
      illeircc eter lectaibh cúan,
      ní fiu cobraim fri fer marb,
      fodruim dot daim, ber lat m'fadb.

    25. p.14

      {folio 134b}
    26. Atotfugéra cech dóin
      ní bu hétach nach díchóimh,
      fúan corcra ocus léine geal,
      criss arcait, ní haicde mer.
    27. Mo sleg cóicrind, gæ co fí,
      diemtar mence cétguini,
      cóicriuth co mbúale umæ
      darsnatoingdis derbhlugæ.
    28. Astóidfa frit, sét collí,
      finnchuäch mo deogbairi,
      m'órnasc, m'folaig, seóid cen táir,
      dusmbert dar muir Niä
      Náir
    29. Éubá Cáilti, delg co mbail,
      ba dia aicdibh adamhraib,
      dá chonn arccait im chonn óir,
      is aicde maith ciasa fóil.
    30. Crib fódaroinn, fola fuin,
      forfleisc créduma fam muin:
      atá uile, is fodb sóer,
      in t-airm i torchair mo thaobh.
    31. Is dúal deit-si, sét nách lag,
      m' fithchell, adarella lat,
      bruinnit fuil sóer for a bil,
      ní cien di sonn indasfail.
    32. Is mór colla cúan rinnech
      sán chán immo deircinnech,
      dosneim dos dlúith dairpri rúaidh
      i taob inn firt iniertúaith.
    33. Oco cuinchid duit dolléir
      ní rob mór nolabrathar,
      ní tharla celtair talman
      dar dúil badit n-amhrathor.
    34. Leath a foirne ór buidhe,
      alaile is fiondruine,
      a hindech do margarét,
      brecht la certa cía rét.
    35. Cetheoir14 coinnle, soillsi bán,
      ní meirv forosnat a clár,
      beuil inna tein, scél nád gó,
      ní randath na roidhmethau.
    36. A ferbolc, is amra sceúil,
      de ór imdernta a beúil,
      glas forfácoibh fair in súi
      náchunursloicce nach dúi.
    37. Criöl chetharchuir, is fóil,
      roces de dúalaib dergóir,
      dron forfuirmedh i suide
      cét uinge do fionndruine.
    38. Ar is de dúal dergóir druin,
      dobert Díonoll cerd dar muir,{folio 135a}cid óen a siball namá,
      mesa fri secht láichesa.

    39. p.16

    40. Imostúaruscbat cumni
      is di prímhaicdib Turbe,
      i n-aimsir Airt, bá rí tét,
      is ann dogníth Turbi tt.
    41. Rofecht impe mór ngretha
      la ríg Rómhán ilLetha,
      iar n-ól fíona, ba mesc linn,
      is ann foillsighti do Find.
    42. Nícon deirgensat cerda
      aicde frisa samhlathar,
      glé lim ní forlaig híriu
      oc ríg sét bat n-amradar.
    43. Dia mba trepar imma lóg,
      glé lim do chlann ní ba trógh,
      ma duscoisis, aicde druit,
      ní bo cres nach cinél duit.
    44. Atáat immunn san chan,
      mór fodb asa fordercc bol,
      dreman inathor dímar,
      nodusnigh an Mórríoghan.
    45. Donárlaith do bil óige,
      isí cotanasóide,
      is mór do fodboibh nigius,
      dremhan an caisgen tibhes.
    46. Rolá a moing dar a hais,
      cride maith recht nodaais,
      cid gar di sund úan i mbé,
      ná fubthad uaman do gné.
    47. Mad cose dam fri gábud,
      nímgaibthi frim idsnádhud,
      a banscál, nogabtha for,
      cáin bláth fa roscarsamur.
    48. Scarfat fri daonacht don mud
      'sin madain íer maccánrud,
      airc dot daim, sonn ní ainfe,
      dofil deöidh na haidchi.
    49. Imusráidhfi neach nach ré
      reicne Fothaid Canainne,
      mo chobrad frit ní hinglae
      má imráite mo thimna.
    50. In dul bidh coimtig mo lecht
      rosáiter mai, menn in fert,
      ní hescor sáitha atchí
      dot fochuidh íer t'inmuini.
    51. Scarfid frit céin mo chorp toll,
      m'anum do píenadh la donn,
      serc bethu cé is miri,
      ingi adradh Rígh nimhi.
    52. Is é in lon teimhen tibius
      imchomarc cáich bes hires,
      síabra mo chobra, mo gné,
      a ben, náchamaicillé!
    53. A bhen.