Corpus of Electronic Texts Edition
The Chase of Síd na mBan Finn and the Death of Finn (Author: [unknown])
paragraph 41
30]
Ótconnairc Fer lí Finn ina óenar gan amus ac a imdeghail &
gan charait ic a chúlchoiméd, tánic hi cend conaire dó & ro chuimnig
p.96
a escairdes don ríg féinnid. Fregrais Finn Fer lí & isbert: Tuitfer-si
féin isna foltaib sin, ar sé. Acht chena ro [...] comrac óenláthair don
dís-sin. Fa crúaidh conamail comnert in cominnsaige-sin. Fa
dúthrachtach dígaltach duáibsech díanbuillech comrac na desi-sin.
5]
Fa gráinnemail gúasachtach glétnighe crúadhchoigetal na claidem39 &
na colg ndét ré cendaib & re clogataib a chéli. Ó thairnic d' Fer lí a
chlaidim do chaithim re cend & re colainn in rígfénnid, tárraid in
tsleg crannremur chóigrinne & tuc urchor séitrech sírchalma certchoimsech
curata ar Finn, gur chuir in tsleig tresin édach imdo ro bói
10]
imon rígmílid, gur treghdastar in tsleg trít é ar cirrbad a chuirp.
Fa fergach forránach ro fregair in rígfénnid in t-anbforlonn álad sin
tuc Fer lí fair, go tuc béim barranta borrfadach crúadh cnáimletartha
claidim d' Fer lí, gur ben a chend da cholainn.40 & comáidhis Finn in
t-áirsidh41 irgaile & in sond sídgaile-sin do thuitim leis.