Corpus of Electronic Texts Edition
The Chase of Síd na mBan Finn and the Death of Finn (Author: [unknown])

paragraph 35

Ocus nír fuilnged co fada in féghadh-sin acu intan ro brúcht-doirtet na catha cechtarda hi gcend araile. & tugsat gáire arda osgurdo ós aird, innus co raibi a mac alla a crandaib & a clochaib,{MS folio 23b2} a n-allaib & a n-inberuib & a comúamannaib in talman & a
30] cresuib fúara fraighimellacha na firmamenti. Ocus ro díbraicedh aturra


p.90

frasa d'fogáithib fuilecha faoburgéra & do lethgáethib lethna licthi & do chlochuib crúaidhi comnerta. Et ro imfaigsigh in irghal & ro tendadh in troid & ro haidbligedh in t-ár & ro crúadhaigh in comrac & ro innsaigh32 gach curaid a chéli díb go dían duáibsech denmnedach
5] dásachtach díchéillide & dorinnetar gleó fíchda fergach forránach forsmachtach urlum agarb innsaigthech & ro caithsit cetha comóra cloch do chrúadhbrised chend & chlogad & chathbarr a chéile & dorinne cimsa comchomuisc dona cathaib mesg ar mesg. Dóigh ám rob imdo annsin slegha sithrighne 'ga sírbrised & claidme crúadh-slípthi
10] 'ga camplumpad & scéith scellbristi 'ga scáiled & clogaid & cathbairr ag cominugud & amuis & ánruid ag a n-athchuma. Rob imda ann dano cuirp chirrfa33 & cnis cerptha ocus taóib tolla & láich lonna ledartha & ánraid arna n-airlech ocus colla curad hi cosair chró. Fa lór immorro do marbad múadhláech ocus midhláech féchain
15] fíarletartadh na fíarlann ar formnaib na feróglach & tairm na trénfer ic toitim & scolgaire na scíath ag a scoltad & drongáir na lúirech línech ag a láechbrised & coicetal na claideb ré círuib na cathbarr & létgaire na láechraide ac ursclaighe34 ar na hánradaib.