Corpus of Electronic Texts Edition
The Chase of Síd na mBan Finn and the Death of Finn (Author: [unknown])

paragraph 34


15]

Tángatar immorro na deich cét ar fichit cét curad catharmach ro bátar columna na Temrach don leith ele don áth & rogabatar a n-erreda catha & comraic & comlainn impu & rosinnedh a sduicc rompo & rocronaiged a comairc & ro cóirged a cath léo & rohegradh & rohordaiged a mílid merchalma & a curaid confadacha & a n-ánraid échtmara a
20] n-urthosach in imbúalta acu .i. Fer tái mac Uaithni Irgalaig ocus Fer lí mac Fir thái ocus Émer Glúnglas mac Aeda mic Garaid & cúic mic Uirgrenn & Aithlech mór mac Duibrend ocus Uirgrenn budesin & na trí Táiblendaigh a fosadlár Fernmuighe. Et rugatar sidhe saidemail sárlúath sruthlúaimnech co lármedón in átha don tóeb araill
25] ar agaid Finn & a muintire.