Corpus of Electronic Texts Edition
The Chase of Síd na mBan Finn and the Death of Finn (Author: [unknown])

paragraph 32

Ocus tánic roime fón samla ina chlothbili chongbála catha & ina dos dítin deghláech & ina sonn sesmach slúagh & sochaide & ina chomlaidh chothaigthe curad & cathmíled íarthair domuin & nír
10] an don réim-sin co ríacht co hur in átha. Dóigh ám nírb ingnam ríghi nh-Érenn & Alban & rígfénnidecht29 in domuin uile do beith ag Finn Mac Cumaill mun amm-sin, ar fa hé in cúiged sái re gach sáircheird é & tres gein sochuir h-Érenn .i. Lugh Lámfota mac Céin ro díchur {MS folio 23b1} fine Fomra a h-Érinn ocus Brían Bóruma
15] mac Cinnédigh tuc h-Ére a dáiri & a dochraiti co nach raibi cáithlech átha i n-Érinn gan Gall dáer ic a frithálom fair no gur díchuir Brían íat & Find mac Cumaill in tres gin tsochuir h-Érenn ac díchur danar & díbergach & úath & arracht & ilphíast ocus loingsidh lánmór & gach ndoccamuil árchena a h-Érinn. Ocus tánic bódíth
20] ind-Érinn ón uillind co arali & rusbithnaig Finn fir h-Érenn re bliadain & tuc secht mba & tarb in gach énbaile i nh-Érinn.