Corpus of Electronic Texts Edition
The Chase of Síd na mBan Finn and the Death of Finn (Author: [unknown])

paragraph 31

Is annsin éirgis rígfénnid24 h-Érenn25 & Alban & Saxan & Bretan & Leódus & Lochlann & na n-ailén cendtarach et gabuis a chatherred catha & comraic & comlainn uime .i. léne thana sídaide do sróll
25] súaichnidh sainemail Tíri trebarglaine Tairrngire ré grían a geilchnis & gabuis a cheithri cíarlénti fichet cíartha clártha comdlútha cotúin uime tarsi-sin amuigh anechtair & gabuis a lúirig tigh treabraid trédúalaig don fúairíarann athlegtha ar a n-úachtar sin & a sgaba engach óirchimsach im a muinél & gabais clárchoilér cressa
30] comarthaigh comdaingin co ndealbaib dúaibsecha dracconn fo chóel a chuirp, co ngabad dó ó tarb a slíasat co derc a osgaile, da sgendis renna & fóebuir. & ro congbad a slega crandremra curata cóigrinne a n-urchomair in rígh & tarraid a chlaidhem órdorncair i n-echruis26 for a chlíu & glacais a manáis lethanglas límtha lochlannach ina
35] láim & tarraid a scíath scothamlach scáthúaine co mbúailtib breca


p.86

bitháilli do bánór27 & co comradaib finnáille finndruine & co slabraduib sníthi sesmacha senairgit for sdúadhlerg a dhruma & gabais a chathbarr círach clárach cethireochrach don ór álainn órloisgthi co ngemuib glémaisigha glainidhi28 & go leguib lainderdha lánáilli
5] lóghmura arna n-egar do lámaib súadh & sáircherd ind do dítin chind in churad isin chath.