Corpus of Electronic Texts Edition
The Chase of Síd na mBan Finn and the Death of Finn (Author: [unknown])

paragraph 25

Ótconnairc immorro in flaithféinnid19 ferdo fortamail fedmláidir
10] fráechaicméil fíchinnsaigthech & in cuingid comlonnach crúaidh conglecach .i. mac cathlínmar Cumaill in cipi catha sin ag a chórugud ina agaid: ‘Dar lim,’ ar sé, ‘is dárírib atáit na fir út ag tabairt catha dúin. Ocus a Birgad banechlach,’ ar Finn, ‘éirig & aicill in lucht úd & tairg comadha dóib.’ ‘Ca comada sin ón?’ ar Birgad.
15] ‘Ní hansa,’ ar Finn, ‘is misi tug dóib a conách & a crích ocus a congbáil hi ferund & doberim a cutruma & a coméid ali dóib & gan techt im agaid don chur-sa. & máidh orra gurab daltadha dam-sa iat,’ ar Finn.