Corpus of Electronic Texts Edition
The Chase of Síd na mBan Finn and the Death of Finn (Author: [unknown])

paragraph 19

Fa gairit asa haithli sin ro bátar ann intan dochúalatar na hirfuágarta arda angbaide & daeine dísgire derglomnachta ac sestán & ag sírégheam dochum in dúnaid airm hi rabatar na maithi-sin. & is ed adubratar, argain & innrad do dénum don féin ocus do muintir
15] Finn ar búar & ar brughadhuib in tíri. ‘Ní maith linne na lúathchrecha-sin,’ ar Fer lí. ‘Budh maith immorro,’ ar Finn, ‘úair leiseóchar co dingbála na díghbála,’ ar sé, ‘úair dobértar dá boin 'sa mboin & dá cháirigh 'sa gcáeirig díb-si ann sin,’ ar Finn. ‘Ní huime sin tánagais,’ ar Fer lí, ‘acht dár marbad-ne mar do marbais
20] ar n-aithri & ar senaithri romuind.’ Et is amlaid adubert sin & ro insaig13 Finn co denmnetach dásachtach dícheillidi, & nírb innsaige gan airaegadh in innsaige-sin, úair do fregradh sin ac Finn cona muintir co brígach bághach borrfadhach & ro cuired in imresain aturra co ferrda feramail fráechaigméil ar lármedón na bruidhni & ro búi
25] Fer tái ag edracáin & ag imdítean Finn. Acht chena nír fuilgetar na hánraid a chéili d'faicsin co torchratar trí nóenmuir do deglaechaib aturra ar lár na bruidhne.