Docúatar maithi na féne íarsin a n-énchomairli & is í{MS folio 22a1}
comairli ro cinnedh acu gan Finn do ligen tar muir in
bliadain-sin. Ní racha-si tar muir, a rígfénnid! ar síat, úair
da ceilter selg & fíanchosgur h-Érenn oruinni atámait-ni11 do tháisechaib
féni & d'feruib feruinn agat-sa annso lín do chongbála go cend
20]
bliadna ocus dobéram fleid núad gach n-oidchi duit no co cuirem in
bliadhain-si thoruind. & do cinnedh in comairli-sin leó & do sgáiletar
in fían da ndúintib & da mbailtib fén d'ullmugud ar cinn Finn,
innus co fuigbed sé fleid a tigh gach duine díb. & is dó ránic Finn
do frestul & do frithalem in oidhchi-sin .i. Fer tái mac Uáithne
25]
Irgalaig rígfénnid Conuilli Murthemne & Luaighne Temrach. &
is í fa ben d'Fer thái .i. Iuchna Ardmór ingen Ghuill meic Morna &
is amlaid robúi Fer tái & mac súaichnid sainemail aci co ngaisced
& co ngáis & co nglici & fa hí Iuchna máthair in mic-sin & Fer lí a
ainm. Ba cosmail immorro rena senathair é .i. ré Goll ar mét & ar
30]
maisi & ar míletacht, ar neim & ar nert & ar nidhachus, ar enech & ar