Corpus of Electronic Texts Edition
The Chase of Síd na mBan Finn and the Death of Finn (Author: [unknown])
paragraph 12
Et ótconnarc Osgur échtach anglonnach mac Osín in láthair
láech & con & fer dothuit lesin muicc, ro éirig fiuchad fírmór fergi
30]
ocus anfad ard anmín uathbásach anaichnidh9 a n-aigned in airdmíled
ar faigsin in chnámchumaigh tuc in torc allaid urbadach ar conuib &
ar feraib & ar ardtáisechaib na féne, ocus nír míadh & nír maisi leisin
rígmílid lé hOsgur nech do díghailt a huilc uirri acht é féin.
& fa mór a hegla & a himghábud arna slúagaib & fa mór a hadhúath
p.66
& a hurgráin ar Osgur. Acht cena nír fét a himgabáil arna
faigsin & ó thánic Osgur co láthair, do liged dorusbél mór dó chum
na bésti béldergi-sin & is amlaid ro {MS folio 21b2}búi sí annsin, ina bethir
bodhbda & ina harracht aidhgill & ina hurdlochtan áigh & urbada &
5]
fa samalta ré cubur rígesa romóir gach cuip cróderg cróchbuidhe
cubuir tiged tar a gin & tar a cráesaib cogantacha acarba ag
dranntad a détbaig i n-agaid in airdmíled & cuiris fráech a dromo a
n-airde, innus co n-anfad ubull fortamail fíadain for gach gúaire garb
gráinemail dí. Ocus bertaighis Osgur in tsleg athgér ághmur ina
10]
láim & tug urchor indilldírech ar in muic ocus nírb imroll urchair
sin & cuiris in tsleig a n-urbrollach a hochta innte & do bo samalto co
treghdfad in tsleg trithi hí & sginnis in tsleg a n-airdi esti amail
dodechad do charruic nó do chongna. Beris Osgur céim 'na coinni
& tuc béim bráthamail don chlaidim cuci gur bris in claidim fana
15]
hormna urri. Beris in mucc céim d'innsaige Osguir & brisiss Osgur
in sgíath fuirri & gabuis greim dá ghairbfinnfad & ro éirigh in muc ar
a huathneduib dímóra derid do gerrad in rígmíled ar n-úachtar.
Sínis Osgur a dhá dhóid rígda romóra mílita tar in muic ar n-íchtar
& tuc cor dísgir denmnetach dí, gur chuir fráech a droma fri talmain,
20]
& tuc a glún ar n-íchtur inte & a dá ghlaicc ré a bél & ré a carpat
ar n-úachtur, conidh amlaid sin ro tharrngetur forni feróglach na féni
a habach & a hinathar trithi síar sechtair. Conidh amlaid sin dotuit
in mórmuc-sin le hOsgur hi crích in chomlainn & roclaidedh lechta
& ferta na fénnidh & na feróglach ro marbad lesin muic annsin.