Corpus of Electronic Texts Edition
The Chase of Síd na mBan Finn and the Death of Finn (Author: [unknown])
paragraph 11
Asa haithli sin do chuir Finn in corn úada maille re toirrsi
p.64
móir & ceilter in comrád-sin acu ósin amach ocus ro tócbad muirn &
medair na bruidhni & ro éirgetar lucht fedma & frestail & fritholma
na bruidne ar chornaib & ar chúachaib & ar chuiplestraib, gur bo
subach somenmnach uile iat & gur uo cóinchomráitech milisbríathrach
5]
forne forúallcha na féne re chéle. Acht chena ro éirgetar
co moch arnamárach cum selga na muici remráiti .i. torc Formáile.
Et ro suidh gach láech d'fíanaib h-Érenn ina láthair licthi & ina beirn
baegail inn-oirchill na muici & do sgáiled da ngadhraib croma
ceólbinne croibglica fo fedhuib & fo fothrib ocus fo fásaigib & fo
10]
fánglentaib & ro chóirgetar a n-énaighi sealga ar fairsinsib & ar
forréitib na ferand ocus ro dhúiscetur in cullach congleca-sin, co
facatur coin & cúanarta & curaid na féni uili hí. Fa lór immorro
d'úathbás túaruscbáil na mórmuici-sin .i. sí gorm garbgáisitech
greitlíath gráinemail gan clúasa, gan erball, gan uirghi, & a fíacla
15]
faidi fírgráinemla don tóeb muigh da mórchend. Is annsin doliged
coimrith comnert con & curad co comthrom as gach aird da hinnsaighi.
Et cuiris in bilga bésti bélderge-sin ár con & fer na féni ar in láthair-sin.
Ótconncatar dá mac Sgóráin meic Sgannail .i. Dáolgus &
Díanghus árach comlainn uirri, tángatur da hinnsaighi & ro fersat
20]
comlann cródha calma curata frisin muicc & dothuitetar in dís-sin
lé a críchaib in chomlainn .i. Daelgus & Díangus. Is annsin
tánic Lugaid lúathlámach Sidi Cairn chuici & ro fer comlann fria &
dothuit Lugaid lé i críchaib in chomraic. Tánic dono Fer taichim
mac Uaithni Irgalaig & dorinne comrac frisin muic & dothuit lé hi
25]
crích in chomlainn. Ótchúala Finn na maithe-sin do thuitim leisin
muicc, tánic fén & Oisín & Osgur & Cáilte & maithe na féne d'féchain
in chullaig congleca sin.