Ro línadh in slíab anoir & aníar do chonaib ocus do dóinib fan
20]
angbaid n-irgalach, fa Osgur, ar Finn & dorinne Finn na rainn-si sís
ann-sin:
- Mac Morna in t-óglach éim ard
Goll in fuilech fóeburderg,
ris ní gabann cath cródha
ó maidin co híarnóna.
Mac Rethi súd ar in slíab
ocus a fían uime aníar,
25] gin go ghabann air in fer
nocha lughaite a ghaiscedh.
Mac Lugach is nesa dáib,
cidh cét laech dech ina dháil,
ón ló cuirid cenn hi cenn
is gairid co fobaighend.
Atchíu Osgur ina ndiaidh,
menic benus sé re gliaid,
mó les a menma ná in muir
ó rosoich co himarghoil.
30] Do brecsatar uili in slíab
iter anoir is aníar,
gurab lán do buidhnib balcc
im Osgur imón mórmac.Mac Morna.